+Airteagal 81 Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
---+Airteagal 81 1.
---+Airteagal 81 2.

Airteagal 81 Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 81 1.

Is leasanna mionlaigh iad suim na n-ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

▼M9

(a) 

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i) 

institiúid;

(ii) 

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv) 

gnólacht infheistíochta;

(v) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus ar choinníoll gur ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;

▼M8

(b) 

tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c) 

is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo.

Airteagal 81 2.
Ní cháileofar mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite leasanna mionlaigh atá cistithe go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas sainchuspóireach nó ar shlí eile, ag máthairghnóthas na hinstitiúide, nó ag a gcuid fochuideachtaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas