+Airteagal 85 Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite
---+Airteagal 85 1.
---+Airteagal 85 2.
---+Airteagal 85 3.

Airteagal 85 Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 85 1.

Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin mar a leanas:

▼M17

(a) 

an caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i) 

an méid caipitil Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin is gá chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(1) 

i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (b), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;

(2) 

i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;

(ii) 

an méid de chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (b), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;

▼C5

(b) 

caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ítimí Leibhéal 1 Breise an ghnóthais sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise de chaipiteal Leibhéal 1 ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite.

Airteagal 85 2.
Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta sin a áireamh sa chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.

Airteagal 85 3.
I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní aithneofar ionstraimí Leibhéal 1 sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith mar chistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas