+Airteagal 87 Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite
---+Airteagal 87 1.
---+Airteagal 87 2.
---+Airteagal 87 3.

Airteagal 87 Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 87 1.

Déanfaidh institiúidí méid na gcistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin mar a leanas:

▼M17

(a) 

cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i) 

an méid de chistí dílse na fochuideachta a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(1) 

i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (c), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le cistí dílse;

(2) 

i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le cistí dílse;

(ii) 

an méid cistí dílse comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (c), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le cistí dílse;

▼C5

(b) 

cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de shuim na n-ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí Leibhéal 1 Breise agus ítimí Leibhéal 2, seachas na méideanna dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 62, an ghnóthais sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise cistí dílse ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite.

Airteagal 87 2.
Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina nglacfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar leas mionlaigh na fochuideachta sin a chur san áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.

Airteagal 87 3.
I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, de réir mar is infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní aithneofar ionstraimí cistí dílse sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith mar chistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas