+Airteagal 425 Insreafaí
---+Airteagal 425 1.
---+Airteagal 425 2.
---+Airteagal 425 3.
---+Airteagal 425 4.
---+Airteagal 425 5.
---+Airteagal 425 6.
---+Airteagal 425 7.
---+Airteagal 425 8.
---+Airteagal 425 9.

Airteagal 425 Insreafaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 425 1.

Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar a n‐insreafaí leachtachta. Déanfar insreafaí leachtachta a uasteorannú ag 75 % d'eis-sreafaí leachtachta. Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó thaiscí a taisceadh le hinstitiúidí eile agus a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 113(6) nó (7) den Rialachán seo a dhíolmhú ón uasteorainn sin.

Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó airgead atá dlite ó iasachtaithe agus ó infheisteoirí bannaí i gcás ina mbaineann na hinsreafaí sin le hiasachtú morgáistí arna chistiú le bannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) nó (6) den Rialachán seo nó le bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a dhíolmhú ón uasteorainn sin. Féadfaidh institiúidí insreafaí a dhíolmhú ó iasachtaí spreagtha atá ceadaithe ag na hinstitiúidí. Faoi réir fhaomhadh na n‐údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar bhonn aonair a fháil roimh ré, féadfaidh an institiúid insreafaí a dhíolmhú ina n‐iomláine nó i bpáirt i gcás inar máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó de chuid an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna é an soláthraí leachtachta nó i gcás ina bhfuil gaol aige leis an institiúid de réir mar a leagtar amach in Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE.

Airteagal 425 2.

Déanfar na hinsreafaí leachtachta a thomhas thar an 30 lá dar gcionn. Ní bheidh siad comhdhéanta ach amháin d'insreafaí conarthacha ó ►C9  neamhchosanta ◄ nach bhfuil thar téarma agus nach bhfuil aon chúis ag an institiúid a bheith ag súil go mbeidh neamhfheidhmíocht i gceist ina leith laistigh den tréimhse ionchasach 30 lá. Déanfar insreafaí leachtachta a thuairisciú go hiomlán agus na hinsreafaí seo leanas á dtuairisciú ar leithligh:

(a) 

Déanfar airgid atá dlite ó chustaiméirí nach bainc cheannais nó custaiméirí airgeadais iad chun críocha íocaíochta príomhshuime, déanfar iad a laghdú 50 % dá luach nó de luach na gceangaltas conarthach do na custaiméirí sin chun cistiú a leathnú, cibé acu is airde. Ní bhaineann sé sin le hairgid atá dlite ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar ashainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192 arna gcomhthaobhú le sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 de réir mar a thagraítear dó i bpointe (d) den mhír seo.

De mhaolú ar …ar an gcéad fhomhír den phointe sin, institiúidí a fuair gealltanas dá dtagraítear in Airteagal 424(6), ionas go n-eisíocfaidh siad iasacht cur chun cinn do thairbhí deiridh, féadfaidh siad insreabhadh a chur san áireamh suas go méid an eis-sreafa a chuirfidh siad i bhfeidhm maidir leis an ngealltanas comhfhreagrach chun síneadh a chur leis na hiasachtaí cur chun cinn sin.

(b) 

Cuirfear san áireamh ina n-iomláine mar insreafaí, airgid atá dlite ó idirbhearta creidmheasa trádála dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 162(3) ina mbeidh aibíocht iarmhair suas go 30 lá.

▼M8

(c) 

cuirfear san áireamh iasachtaí a bhfuil dáta deiridh neamhshainithe leo le 20 % insreabh, ar an gcoinníoll go gceadaítear don institiúid íocaíocht a aistarraingt agus a iarraidh laistigh de 30 lá de réir an chonartha;

▼B

(d) 

airgead atá dlite ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 192 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní leachtacha dá dtagraítear in Airteagal 416(1), ní chuirfear san áireamh é suas go dtí an luach atá glan ar chaolchorrlaigh na sócmhainní leachtacha agus cuirfear san áireamh go hiomlán é i gcás na coda eile den airgead atá dlite;

▼C2

(e) 

airgid atá dlite a láimhseálann an institiúid a bhfuil an t- airgead sin dlite aici, i gcomhréir le hAirteagal 422(3) agus (4), déanfar iad a iolrú faoi insreabhadh siméadrach comhfhreagrach;

▼B

(f) 

airgid atá dlite ó shuímh in ionstraimí cothromais mórinnéacs ar an gcoinníoll nach gcuirfear i gcuntas iad le sócmhainní leachtacha;

(g) 

aon saoráidí creidmheasa nó leachtachta neamhtharraingthe agus aon cheangaltais eile a fhaightear, ní chuirfear san áireamh iad.

Airteagal 425 3.
Déanfar eis-sreafaí agus insreafaí a bhfuiltear ag súil leo thar an tréimhse ionchasach de 30 lá ó na conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a léiriú ar bhonn glan thar na contrapháirtithe agus déanfar iad a iolrú faoi 100 % i gcás glanmhéid insreafa. Ciallóidh bunús glan freisin gan comhthaobhacht a bheidh le fáil a cháilíonn mar shócmhainní leachtacha faoi Airteagal 416a áireamh.
Airteagal 425 4.

De mhaolú ar mhír 2 pointe (g), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt insreabhadh níos airde a chur i bhfeidhm ar bhonn cáis le haghaidh creidmheasa agus saoráidí leachtachta i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá cúiseanna ann a bheith ag súil go mbeidh insreabhadh níos airde ann fiú amháin faoi mheascán de strus margaidh agus de strus neamhghnách an tsoláthraí;

▼M17

(b) 

is ionann an contrapháirtí agus máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile den mháthairinstitiúid chéanna nó atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE nó comhalta den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán seo nó an institiúid lárnach nó comhalta den líonra atá faoi réir an tarscaoilte dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

▼B

(c) 

cuireann an contrapháirtí eis-sreabhadh siméadrach comhfhreagrach nó éis-sreabhadh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 422 agus Airteagal 424;

(d) 

beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.

Airteagal 425 5.
Féadfaidh na húdaráis inniúla an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 4 a tharscaoileadh i gcás ina gcuirfear Airteagal 20 (1)(b) i bhfeidhm. Sa chás sin ní mór na critéir bhreise oibiachtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460 a chomhlíonadh. I gcás ina gceadaítear eis-sreabhadh níos airde den sórt sin a chur i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi thoradh an phróisis dá dtagraítear in Airteagal 20 (1) (b). Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú rialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bheidh ann maidir le heis-sreafaí níos airde den sórt sin.
Airteagal 425 6.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na ceanglais maidir le nochtadh atá leagtha amach i mír 5

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 425 7.
Ní thabharfaidh institiúidí tuairisc ar insreabha ó aon cheann de na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 seachas íocaíochtaí atá dlite ar na sócmhainní nach léirítear i margadhluach na sócmhainne.
Airteagal 425 8.
Ní thabharfaidh institiúidí tuairisc ar insreabha ó aon oibleagáidí nua a ndeachaigh siad fúthu.
Airteagal 425 9.
Ní áiritheoidh institiúidí na hinsreafaí leachtachta atá le fáil i dtríú tíortha ina bhfuil srianta maidir le haistrithe nó atá ainmnithe in airgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe, ach amháin a mhéid is a chomhfhreagraíonn siad d'eis-sreafaí sa tríú tír nó san airgeadra atá i gceist faoi seach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas