+Airteagal 445 Neamhchosaintí ar riosca margaidh a nochtadh faoin gcur chuige caighdeánaithe
---+Airteagal 445 1.
---+Airteagal 445 2.

Airteagal 445 Neamhchosaintí ar riosca margaidh a nochtadh faoin gcur chuige caighdeánaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 445 1.
Na hinstitiúidí nár dheonaigh údaráis inniúla cead dóibh cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha mar a leagtar amach in Airteagal 325az a úsáid, agus a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe simplithe i gcomhréir le hAirteagal 325a nó an cur chuige malartach caighdeánaithe i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a, nochtfaidh na hinstitiúidí sin forbhreathnú ar a suíomhanna leabhair trádála.
Airteagal 445 2.

Nochtfaidh institiúidí a ríomhann a gceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a, na ceanglais cistí dílse iomlána, na ceanglais cistí dílse le haghaidh an mhodha bunaithe ar íogaireachtaí, an muirear riosca mainneachtana agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí iarmharacha. Déanfar nochtadh na gceanglas cistí dílse i gcomhair bhearta an mhodha bunaithe ar íogaireachtaí agus i gcomhair riosca mainneachtana a mhiondealú sna hionstraimí seo a leanas:

(a) 

ionstraimí airgeadais, seachas ionstraimí urrúsúcháin arna sealbhú sa leabhar trádála, a dhéantar a mhiondealú de réir aicme riosca, agus sainaitheantas ar leithligh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana;

(b) 

ionstraimí urrúsúcháin nach bhfuil arna sealbhú san ACTP, le sainaitheantas ar leithligh maidir leis na ceanglais cistí dílse do riosca raon difríochta creidmheasa agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana;

(c) 

ionstraimí urrúsúcháin arna sealbhú in ACTP, le haitheantas ar leithligh maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca raon difríochta creidmheasa agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana;

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas