Airteagal 501b
Maolú ar na ceanglais tuairiscithe
De mhaolú ar Airteagal 430, le linn na tréimhse idir dáta chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus dáta chéad thíolacadh na dtuarascálacha arna sonrú I ngach ceann sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal sin, féadfaidh údarás inniúil an ceanglas faisnéis a thuairisciú san fhormáid atá sonraithe sna teimpléid atá sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7) a tharscaoileadh i gcás nár tugadh na teimpléid sin cothrom le dáta chun forálacha an Rialacháin seo a léiriú.