+Airteagal 11 An chéim thástála: Tástáil na Foirne Deirge
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
---+Airteagal 11 6
---+Airteagal 11 7
---+Airteagal 11 8
---+Airteagal 11 9
---+Airteagal 11 10

Airteagal 11 An chéim thástála: Tástáil na Foirne Deirge

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1

1.   Tar éis don údarás TLPT an tuarascáil faisnéise bagartha spriocdhírithe a fhormheas, ullmhóidh na tástálaithe plean tástála na foirne deirge ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Úsáidfidh na tástálaithe doiciméad na sonraíochta raoin feidhme agus an tuarascáil faisnéise bagartha spriocdhírithe mar bhonn chun na cásanna ionsaithe a tháirgeadh.

Airteagal 11 2

2.   Rachaidh na tástálaithe i gcomhairle leis an bhfoireann rialaithe, leis an soláthraí faisnéise bagartha, agus leis na bainisteoirí tástála maidir le plean tástála na foirne deirge, lena n-áirítear an chumarsáid, an socrú nós imeachta agus an socrú bainistíochta tionscadail, na cásanna ullmhúcháin agus úsáide le haghaidh ghníomhachtú na fóirithinte, agus na comhaontuithe tuairiscithe don fhoireann rialaithe agus do na bainisteoirí tástála.

Airteagal 11 3

3.   I gcás ina bhfuil plean tástála na foirne deirge críochnaithe agus ina n-áirithítear leis go ndéantar TLPT éifeachtach, formheasfaidh an fhoireann rialaithe agus an t-údarás TLPT plean tástála na foirne deirge agus cuirfidh TLPT ceannasaí na foirne rialaithe ar an eolas faoi sin.

Airteagal 11 4

4.   Ar fhormheas phlean tástála na foirne deirge i gcomhréir le mír 3, déanfaidh na tástálaithe TLPT le linn chéim thástála na foirne deirge gníomhaí.

Airteagal 11 5

5.   Beidh fad chéim thástála na foirne deirge gníomhaí comhréireach le raon feidhme TLPT, le scála, gníomhaíocht, castacht agus líon na n-eintiteas airgeadais agus na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nó TFC inghrúpa a bhfuil baint acu le TLPT, agus in aon chás mairfidh sé 12 sheachtain ar a laghad. Féadfar cásanna ionsaithe a fhorghníomhú go seicheamhach nó ag an tráth céanna. Tiocfaidh an fhoireann rialaithe, an soláthraí faisnéise bagartha, na tástálaithe agus na bainisteoirí tástála ar chomhaontú maidir le deireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí.

Airteagal 11 6

6.   Faoi réir a áirithiú go leanfaidh plean tástála na foirne deirge de bheith iomlán agus go mbeifear in ann TLPT éifeachtach a dhéanamh, formheasfaidh ceannasaí na foirne rialaithe agus na bainisteoirí tástála aon athrú ar phlean tástála na foirne deirge tar éis a fhormheasta, lena n-áirítear athruithe ar amlíne, raon feidhme, sprioc-chórais nó bratacha.

Airteagal 11 7

7.   Le linn chéim thástála uile na foirne deirge gníomhaí, tuairisceoidh tástálaithe don fhoireann rialaithe agus do na bainisteoirí tástála ar bhonn seachtainiúil ar a laghad maidir leis an dul chun cinn a dhéantar in TLPT, agus beidh an soláthraí faisnéise bagartha fós ar fáil le haghaidh comhairliúcháin agus faisnéis bhagartha bhreise arna iarraidh sin don fhoireann rialaithe.

Airteagal 11 8

8.   Soláthróidh an fhoireann rialaithe fóirithintí go tráthúil a dheartar ar bhonn phlean tástála na foirne deirge. Féadfar fóirithintí breise a chur leis nó a oiriúnú ar fhormheas a fháil ón bhfoireann rialaithe agus ó na bainisteoirí tástála.

Airteagal 11 9

9.   I gcás ina mbraithfidh aon bhall foirne den eintiteas airgeadais nó dá sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nó soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa na gníomhaíochtaí tástála, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh an fhoireann rialaithe, i gcomhairle leis na tástálaithe agus gan dochar do mhír 10, bearta a mholadh agus a chur faoi bhráid na mbainisteoirí tástála lena mbailíochtú, ar bearta iad lena gceadófar leanúint de TLPT agus rúndacht TLPT á háirithiú an tráth céanna.

Airteagal 11 10

10.   In imthosca eisceachtúla lena spreagtar rioscaí tionchair ar shonraí, damáiste do shócmhainní, agus cur isteach ar fheidhmeanna, seirbhísí nó oibríochtaí criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais féin, a sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nó a sholáthraithe seirbhísí TFC inghrúpa, nó cur isteach ar a chontrapháirtithe nó ar an earnáil airgeadais, féadfaidh an fhoireann rialaithe TLPT a chur ar fionraí, nó, mar rogha dheireanach, i gcás nach féidir leanúint le TLPT ar shlí eile agus faoi réir réamhbhailíochtú ag údarás TLPT, leanúint de TLPT trí úsáid a bhaint as cleachtadh teoranta foirne corcra. Déanfar fad chleachtadh mhodh na foirne corcra a chomhaireamh chun críoch fhad íosta 12 sheachtain de chéim thástála na foirne deirge gníomhaí dá dtagraítear i mír 5.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas