5. Beidh fad chéim thástála na foirne deirge gníomhaí comhréireach le raon feidhme TLPT, le scála, gníomhaíocht, castacht agus líon na n-eintiteas airgeadais agus na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nó TFC inghrúpa a bhfuil baint acu le TLPT, agus in aon chás mairfidh sé 12 sheachtain ar a laghad. Féadfar cásanna ionsaithe a fhorghníomhú go seicheamhach nó ag an tráth céanna. Tiocfaidh an fhoireann rialaithe, an soláthraí faisnéise bagartha, na tástálaithe agus na bainisteoirí tástála ar chomhaontú maidir le deireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí.