+Airteagal 30 Nós imeachta um fhógra a thabhairt
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
|
Airteagal 30 Nós imeachta um fhógra a thabhairt
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Tabharfaidh na húdaráis a thugann fógra, fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, bunaithe ar liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV, agus trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, maidir le gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinn XIV a leasú, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil, an dul chun cinn maidir le heolas nó fianaise eolaíoch nua trí chód nua, catagóir nua nó cineál córais intleachta saorga nua a chur le liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga, trí chód, catagóir nó cineál córais intleachta saorga atá ann cheana a tharraingt siar ón liosta sin nó trí chód nó cineál córais intleachta saorga a bhogadh ó chatagóir amháin go catagóir eile.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Beidh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na cineálacha córas intleachta saorga lena mbaineann, agus ar dhearbhú ábhartha na hinniúlachta. I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena ndearbhaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta mar aon leis na socruithe a bheidh i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar faireachán tráthrialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a fheidhmiú ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth déanta fógra ó údarás a thugann fógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a bheith ann nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta fógra ó údarás a thugann fógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 29(3) a bheith san fhógra.
|
|
Airteagal 30 5.
|
I gcás ina ndéantar agóidí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit ábhartha agus leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta. Ag féachaint don mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gcomhlacht ábhartha um measúnú comhréireachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|