+Airteagal 31 Na ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.
---+Airteagal 31 8.
---+Airteagal 31 9.
---+Airteagal 31 10.
---+Airteagal 31 11.
---+Airteagal 31 12.

Airteagal 31 Na ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.
Bunófar comhlacht faoina dtugtar fógra faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
Airteagal 31 2.
Comhlíonfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir le heagrúchán, bainistíocht cáilíochta, acmhainní agus próiseas is gá chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, chomh maith le ceanglais chibearshlándála oiriúnacha.
Airteagal 31 3.
Áiritheofar leis an struchtúr eagrúcháin, leithdháileadh freagrachtaí, na línte tuairiscithe agus oibriú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra go mbeidh muinín i bhfeidhmíocht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus i dtorthaí na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.
Airteagal 31 4.
Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra neamhspleách ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a ndéanann siad gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ina leith. Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra neamhspleách freisin ar aon oibreoir eile a bhfuil leas eacnamaíoch aige sa chóras intleachta saorga ardriosca a ndéantar measúnú air, agus ar aon iomaitheoir de chuid an tsoláthraí chomh maith. Ní choiscfear, leis sin, córais intleachta saorga ardriosca a ndearnadh measúnú orthu a úsáid má tá gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta, ná córais intleachta saorga ardriosca mar iad a úsáid chun críoch pearsanta.
Airteagal 31 5.
Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht bainistíochta ardleibhéil ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, forbairt, margú ná úsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra fúthu ina leith. Beidh feidhm ag an gceanglas seo, go háirithe, maidir le seirbhísí comhairleachta.
Airteagal 31 6.
Eagrófar agus oibreofar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra sa chaoi go gcaomhnófar neamhspleáchas, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra struchtúr agus nósanna imeachta a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun neamhchlaontacht a choimirciú agus chun prionsabail na neamhchlaontachta a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta agus ina ngníomhaíochtaí measúnaithe agus i measc a gcuid foirne.
Airteagal 31 7.
Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra lena áirithiú go gcoimeádfaidh foirne, coistí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí sin agus aon chomhlacht comhlachais nó foireann de chuid comhlachtaí seachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 78, rúndacht na faisnéise a thagann ina seilbh le linn fheidhmiú na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin de réir an dlí. Beidh sé de cheangal ar fhoireann an chomhlachta faoina dtugtar fógra rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích.
Airteagal 31 8.
Beidh ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid an tsoláthraí, an earnáil ina n-oibríonn sé, a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga lena mbaineann.
Airteagal 31 9.
Beidh árachas dliteanais iomchuí ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra le haghaidh a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina nglacann an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe dliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil an Ballstát sin féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.
Airteagal 31 10.
Beidh sé de chumas ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcúraimí uile faoin Rialachán seo a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil is féidir agus leis an inniúlacht is gá sa réimse sonrach, bíodh na cúraimí sin á ndéanamh ag na comhlachtaí féin faoina dtugtar fógra nó thar a gceann agus faoina bhfreagracht.
Airteagal 31 11.
Beidh go leor inniúlachtaí inmheánacha ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun gur féidir leo meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar na cúraimí a dhéanann páirtithe seachtracha thar a gceann. Beidh foireann leordhóthanach riaracháin, theicniúil, dhlíthiúil agus eolaíoch ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra i gcónaí, foireann ag a bhfuil taithí agus eolas a bhaineann leis na cineálacha ábhartha córas intleachta saorga, cineálacha sonraí agus ríomhaireacht sonraí ábhartha agus leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2.
Airteagal 31 12.
Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38. Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt go díreach in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, nó déanfar ionadaíocht orthu sna heagraíochtaí sin, nó áiritheoidh siad go bhfuil siad ar an eolas faoi na caighdeáin ábhartha agus cothrom le dáta ina leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas