+Airteagal 34 Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
|
Airteagal 34 Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Fíoróidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Seachnóidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra ualaí nach bhfuil gá leo ar sholáthraithe agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad an aird chuí ar mhéid an tsoláthraí, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, go háirithe d’fhonn ualaí riaracháin agus costais chomhlíontachta a íoslaghdú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Urramóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear chun go gcomhlíonfaidh an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 34 3.
|
Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an doiciméadacht ábhartha uile, lena n-áirítear doiciméadacht an tsoláthraí, a chur ar fáil agus a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra dá dtagraítear in Airteagal 28, arna iarraidh sin orthu, ionas go mbeidh an t-údarás sin in ann dul i mbun a ghníomhaíochtaí maidir le measúnú, ainmniú, fógra a thabhairt agus faireachán agus chun an measúnú a leagtar amach sa Roinn seo a éascú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|