+Airteagal 37 Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.

Airteagal 37 Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.
Imscrúdóidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gach cás a bhfuil amhras air ina leith maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ag leanúint de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31 agus na bhfreagrachtaí is infheidhme atá air.
Airteagal 37 2.
Cuirfidh an t-údarás a thugann fógra gach faisnéis ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin, maidir leis an bhfógra a thug an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann nó maidir le cothabháil a inniúlachta.
Airteagal 37 3.
Áiritheoidh an Coimisiún gur ar mhodh rúin a dhéileálfar leis an bhfaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe de bhun an Airteagail seo, i gcomhréir le hAirteagal 78.
Airteagal 37 4.
I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a fhionraí nó a tharraingt siar, más gá sin. I gcás ina dteipeann ar an mBallstát na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an t-ainmniú a chur ar fionraí, a shrianadh nó a tharraingt siar. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas