+Airteagal 44 Deimhnithe
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
|
Airteagal 44 Deimhnithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 44 1.
|
Maidir le deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga is éasca do na húdaráis ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe a thuiscint.
|
|
Airteagal 44 2.
|
Beidh na deimhnithe bailí ar feadh na tréimhse a léirítear orthu, tréimhse nach mairfidh níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn III. Arna iarraidh sin don soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn III, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme. Beidh aon fhorlíonadh ar dheimhniú bailí ar choinníoll gur bailí don deimhniú a fhorlíonann sé.
|
|
Airteagal 44 3.
|
Má chinneann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó cuirfidh sé srian air, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de sprioc-am a leagfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra síos. Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na cúiseanna lena chinneadh. Beidh nós imeachta achomhairc ar fáil i gcoinne chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear achomhairc maidir le deimhnithe comhréireachta a eisítear.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|