+Airteagal 62 Bearta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
|
Airteagal 62 Bearta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:
(a)
rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin; ní chuirfidh an rochtain tosaíochta bac ar FBManna eile, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain a fháil ar bhosca gainimh rialála intleachta saorga, ar choinníoll go gcomhlíonann siad freisin na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin;
(b)
gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus iad curtha in oiriúint do riachtanais na FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla;
(c)
bealaí tiomnaithe atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, cinn nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga;
(d)
rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sa phróiseas forbartha um chaighdeánú a éascú.
|
|
Airteagal 62 2.
|
Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar FBManna iad, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid, le méid an mhargaidh agus le táscairí ábhartha eile.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar a shonróidh an Bord ina iarraidh;
(b)
ardán faisnéise aonair a fhorbairt agus a chothabháil lena soláthrófar faisnéis atá éasca le húsáid i ndáil leis an Rialachán seo do gach oibreoir ar fud an Aontais;
(c)
feachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a mhúscailt maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo;
(d)
cóineasú na ndea-chleachtas i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga a mheas agus a chur chun cinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|