+Airteagal 74 Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga i margadh an Aontais
---+Airteagal 74 1.
---+Airteagal 74 2.
---+Airteagal 74 3.
---+Airteagal 74 4.
---+Airteagal 74 5.
---+Airteagal 74 6.
---+Airteagal 74 7.
---+Airteagal 74 8.
---+Airteagal 74 9.
---+Airteagal 74 10.
---+Airteagal 74 11.
---+Airteagal 74 12.
---+Airteagal 74 13.
---+Airteagal 74 14.

Airteagal 74 Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga i margadh an Aontais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 74 1.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:

(a) 

aon tagairt d’oibreoir eacnamaíoch faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí na hoibreoirí uile a shainaithnítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo;

(b) 

aon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí gach córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 74 2.
Mar chuid dá n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, tuairisceoidh na húdaráis faireachais margaidh go bliantúil don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le rialacha iomaíochta. Tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún freisin maidir le húsáid cleachtas toirmiscthe a tharla le linn na bliana sin agus maidir leis na bearta a rinneadh.
Airteagal 74 3.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, is é an t-údarás faireachais margaidh chun críocha an Rialacháin seo a bheidh ar an údarás atá freagrach as gníomhaíochtaí faireachais margaidh a ainmnítear faoi na gníomhartha dlí seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus in imthosca iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarás ábhartha eile a ainmniú chun gníomhú mar údarás faireachais margaidh, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad comhordú leis na húdaráis faireachais margaidh earnálacha ábhartha atá freagrach as forfheidhmiú na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 74 4.
Na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 79 go 83 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina bhforáiltear cheana féin leis na gníomhartha dlí sin do nósanna imeachta lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta agus a bhfuil an cuspóir céanna acu. I gcásanna mar sin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta earnálacha sin ina n-ionad.
Airteagal 74 5.
Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(4), pointí (d) agus (j), den Rialachán sin a fheidhmiú go cianda, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 74 6.
I gcás córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáideann institiúidí airgeadais a rialáiltear le dlí seirbhísí airgeadais an Aontais, is é an t-údarás faireachais margaidh, chun críocha an Rialacháin seo, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá freagrach as maoirseacht airgeadais na n-institiúidí sin faoin reachtaíocht sin a mhéid atá baint dhíreach ag an gcóras intleachta saorga a bheith á chur ar an margadh, á chur i mbun seirbhíse nó á úsáid le soláthar na seirbhísí airgeadais sin.
Airteagal 74 7.
De mhaolú ar mhír 6, in imthosca iomchuí, agus ar choinníoll go ndéantar an comhordú a áirithiú, féadfaidh an Ballstát údarás ábhartha eile a shainiú mar an t-údarás faireachais margaidh chun críocha an Rialacháin seo.

Údaráis náisiúnta faireachais margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa rialáilte arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) arna bhunú le Rialachán Uimh. 1024/2013, ba cheart dóibh tuairisciú, gan mhoill, don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin.

Airteagal 74 8.
I gcás córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, a mhéid a úsáidtear na córais chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, le haghaidh bainistiú teorainneacha agus ceartais agus an daonlathais agus le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointí 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ainmneoidh na Ballstáit mar údaráis faireachais margaidh, chun críocha an Rialacháin seo, na húdaráis mhaoirseachta inniúla um chosaint sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir (AE) 2016/680, nó aon údarás eile arna ainmniú de bhun na gcoinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagail 41 go 44 de Threoir (AE) 2016/680. Ní dhéanfaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh difear ar bhealach ar bith do neamhspleáchas na n-údarás breithiúnach ná ní chuirfidh siad isteach ar aon bhealach eile ar a ngníomhaíochtaí agus iad ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.
Airteagal 74 9.
I gcás ina dtagann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar a n-údarás faireachais margaidh, ach amháin i ndáil le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus í ag gníomhú ina cáil bhreithiúnach.
Airteagal 74 10.
Éascóidh na Ballstáit comhordú idir údaráis faireachais margaidh a ainmnítear faoin Rialachán seo agus údaráis nó comhlachtaí náisiúnta ábhartha eile a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.
Airteagal 74 11.
Beidh údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha, a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, a mbeidh sé d’aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt nó treoir a thabhairt i dtaca leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le catagóirí sonracha córas intleachta saorga ardriosca a gcinntear ina leith go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga tacaíocht chomhordúcháin ar fáil d’imscrúduithe comhpháirteacha.
Airteagal 74 12.
Gan dochar do na cumhachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020, agus i gcás inarb ábhartha, ach teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfaidh soláthraithe rochtain iomlán do na húdaráis faireachais margaidh ar an doiciméadacht agus ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh i bhforbairt an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí chomhéadain feidhmchlár (API) nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.
Airteagal 74 13.

Tabharfar rochtain d’údaráis faireachais margaidh ar chód foinseach an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarraidh réasúnaithe agus ní thabharfar an rochtain sin dóibh ach amháin nuair a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá gá le rochtain ar chód foinseach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2; agus,

(b) 

ídíodh na nósanna imeachta tástála nó iniúchóireachta agus na fíoruithe ar fad bunaithe ar na sonraí agus an doiciméadacht arna soláthar ag an soláthraí nó léiríodh nár leor iad.

Airteagal 74 14.
Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaigheann na húdaráis faireachais margaidh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas