Airteagal 75b
Más rud é, le linn imeachtaí faoi Airteagal 75a(2), go dtabharfaidh an t-oibreoir lena mbaineann gealltanais chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, trí chinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal ar an oibreoir lena mbaineann agus a dhearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann le haghaidh gníomhaíochta. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh a fháil nó ar a tionscnamh féin, na himeachtaí a athoscailt i gcás:
(a)
inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;
(b)
ina ngníomhóidh an t-oibreoir ar bhealach atá ar neamhréir lena ghealltanais; nó
(c)
ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair an t-oibreoir lena mbaineann.
I gcás ina measfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil na gealltanais a thairg an t-oibreoir lena mbaineann ábalta comhlíonadh éifeachtach le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, diúltóidh sí do na gealltanais sin i gcinneadh réasúnaithe le linn na n-imeachtaí a bheith á dtabhairt chun críche.