+Airteagal 96 Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo
---+Airteagal 96 1.
---+Airteagal 96 2.
|
Airteagal 96 Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 96 1.
|
Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
▼M1
(a)
cur i bhfeidhm na gceanglas agus na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 15 agus in Airteagail 25 agus 26;
▼B
(b)
na cleachtais a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 5;
(c)
cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha a bhaineann le modhnú substaintiúil;
(d)
cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 50;
(e)
faisnéis mhionsonraithe faoin nasc idir an Rialachán seo agus reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le comhsheasmhacht a bhforfheidhmithe;
(f)
cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar chóras intleachta saorga mar a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (1);
▼M1
(g)
cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 8(2), Airteagal 9(10) agus Airteagal 17(3) i gcomhréir le prionsabal na comhlántachta agus na comhréireachta, d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, dúbailt a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú agus ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh; foilseofar na treoirlínte sin faoin 1 Lúnasa 2027.
Agus na treoirlínte sin á n-eisiúint ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé páirt don Bhord agus tabharfaidh sé aird ar leith ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, agus ar riachtanais údarás poiblí áitiúil agus na n-earnálacha is dóchúla a ndéanfaidh an Rialachán seo difear dóibh. Sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tabharfar aird chuí ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga, ar chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41, nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla sin a leagtar amach de bhun dhlí comhchuibhithe an Aontais.
|
|
Airteagal 96 2.
|
Arna iarraidh sin do na Ballstáit nó don Oifig um Intleacht Shaorga, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a glacadh roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasfar gur gá sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|