|
+IARSCRÍBHINN XII Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga |
IARSCRÍBHINN XII Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga
IARSCRÍBHINN XII Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga Beidh na rudaí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b):
1.
Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
na cúraimí a bhfuil sé beartaithe leis an tsamhail iad a dhéanamh agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
(b)
na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
(c)
an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
(d)
an chaoi a n-idirghníomhaíonn an tsamhail, nó an chaoi ar féidir í a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den tsamhail í féin, i gcás inarb infheidhme;
(e)
leaganacha de bhogearraí ábhartha i ndáil le húsáid na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás inarb infheidhme;
(f)
an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
(g)
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
(h)
an ceadúnas le haghaidh na samhla.
2.
Tuairisc ar eilimintí na samhla agus ar an bpróiseas chun í a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú sna córais intleachta saorga;
(b)
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá, etc.) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur agus a n-uasmhéid (e.g., fad na fuinneoige comhthéacs, etc.);
(c)
faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
Saincheisteanna nasctha
|