+Airteagal 17 Forálacha eile a bhaineann le tuairisciú
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.

Airteagal 17 Forálacha eile a bhaineann le tuairisciú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Féadfaidh ENISA faisnéis faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 14(1) agus (3) agus Airteagal 15(1) agus (2) den Rialachán seo a chur faoi bhráid an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) arna bhunú le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 má tá an fhaisnéis sin ábhartha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála ar mhórscála ar an leibhéal oibríochtúil. Chun an ábharthacht sin a chinneadh, féadfaidh ENISA anailísí teicniúla arna ndéanamh ag gréasán CSIRTanna a mheas, i gcás ina mbeidh fáil orthu.
Airteagal 17 2.
I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chosc nó a mhaolú nó chun teagmhas leanúnach a láimhseáil, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais chun leasa an phobail ar shlí eile, féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir de chuid an Bhallstáit ábhartha, tar éis dó dul i gcomhairle leis an monaróir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le ENISA, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas nó a cheangal ar an monaróir déanamh amhlaidh.
Airteagal 17 3.
Gach 24 mhí, ullmhóidh ENISA, ar bhonn na bhfógraí atá faighte aige de bhun Airteagal 14(1) agus (3) agus Airteagal 15(1) agus (2) den Rialachán seo, tuarascáil theicniúil maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh sé í faoi bhráid an Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555. Cuirfear an chéad tuarascáil den sórt sin isteach laistigh de 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14(1) agus (3). Déanfaidh ENISA faisnéis ábhartha óna thuarascálacha teicniúla a áireamh ina thuarascáil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.
Airteagal 17 4.
Trí fhógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 14(1) agus (3) nó Airteagal 15(1) agus (2), ní chuirfear duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann fógra faoi dhliteanas méadaithe.
Airteagal 17 5.
Tar éis nuashonrú slándála nó cineál eile birt cheartaithigh nó mhaolaithigh a bheith ar fáil, déanfaidh ENISA, i gcomhaontú le monaróir an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an leochaileacht a bhfuiltear ar an eolas fúithi go poiblí agus faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 14(1) nó Airteagal 15(1) den Rialachán seo a chur leis an mbunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí arna bhunú de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2022/2555.
Airteagal 17 6.
Soláthróidh na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí tacaíocht ón deasc chabhrach i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 14 do mhonaróirí agus go háirithe do mhonaróirí a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas