+IARSCRÍBHINN II FAISNÉIS AGUS TREORACHA LE hAGHAIDH AN ÚSÁIDEORA

IARSCRÍBHINN II FAISNÉIS AGUS TREORACHA LE hAGHAIDH AN ÚSÁIDEORA




IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS AGUS TREORACHA LE hAGHAIDH AN ÚSÁIDEORA

Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ag gabháil leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

1. 

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, agus seoladh poist, seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile chomh maith leis an suíomh gréasáin inar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

2. 

an pointe teagmhála aonair inar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú agus a fháil, agus an áit inar féidir teacht ar bheartas an mhonaróra maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí;

3. 

ainm agus cineál agus aon fhaisnéis bhreise lena gcumasaítear sainaithint uathúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

4. 

an chríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an timpeallacht slándála arna soláthar ag an monaróir, mar aon le bunfheidhmiúlachtaí an táirge agus faisnéis faoi na hairíonna slándála;

5. 

aon imthoisc aitheanta nó intuartha, a bhaineann le húsáid an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá intuartha le réasún, arb imthoisc í a bhféadfadh rioscaí suntasacha cibearshlándála eascairt aisti;

6. 

i gcás inarb infheidhme, an seoladh idirlín ag a bhféadfar rochtain a fháil ar dhearbhú comhréireachta AE;

7. 

an cineál tacaíochta slándála teicniúla a thairgeann an monaróir agus dáta deiridh na tréimhse tacaíochta ar lena linn is féidir le húsáideoirí a bheith ag súil leis go láimhseálfar leochaileachtaí agus le nuashonruithe slándála a fháil;

8. 

treoracha mionsonraithe nó seoladh idirlín a thagraíonn do na treoracha mionsonraithe sin agus faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a) 

na bearta is gá a dhéanamh le linn choimisiúnú tosaigh an táirge agus le linn shaolré an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a úsáid shlán a áirithiú;

(b) 

an chaoi ar féidir le hathruithe ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha difear a dhéanamh don tslándáil sonraí;

(c) 

an chaoi chun nuashonruithe a bhaineann leis an tslándáil a shuiteáil;

(d) 

díchoimisiúnú slán an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi ar féidir sonraí úsáideora a bhaint go slán;

(e) 

an chaoi ar féidir an socrú réamhshocraithe lena gcumasaítear suiteáil uathoibríoch nuashonruithe slándála, mar a cheanglaítear le Cuid I, pointe (2)(c), d’Iarscríbhinn I, a chasadh as;

(f) 

i gcás ina bhfuil sé beartaithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhtháthú i dtáirgí eile ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an fhaisnéis is gá chun go gcomhlíonfaidh an suimeálaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na ceanglais doiciméadachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

9. 

Má chinneann an monaróir an liosta ábhar bogearraí a chur ar fáil don úsáideoir, faisnéis faoin áit ar féidir rochtain a fháil ar an liosta ábhar bogearraí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha