Airteagal 7
Imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus comhlíonadh dlí
Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 toisc, de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach, go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó go ndéanann siad bearta eile atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an inneachar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus dá thoisc sin amháin.