+Airteagal 73 Neamhchomhlíonadh
---+Airteagal 73 1
---+Airteagal 73 2
---+Airteagal 73 3
---+Airteagal 73 4
---+Airteagal 73 5

Airteagal 73 Neamhchomhlíonadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 73 1

1.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh i gcás ina measann sé nach gcomhlíonann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 70;

(c)

gealltanais arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 71.

Airteagal 73 2

2.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1. Míneoidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé a ghlacfaidh sé, nó a mheasann sé ar cheart do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann iad a ghlacadh, chun dul i ngleic go héifeachtach leis na réamhthorthaí.

Airteagal 73 3

3.   Sa chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1, ordóidh an Coimisiún do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú laistigh de thréimhse réasúnta a shonrófar ann agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta atá i gceist ag an soláthraí a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh.

Airteagal 73 4

4.   Déanfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann tuairisc a chur ar fáil don Choimisiún ar na bearta a rinne sé chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú, ar tuairisc í a chuirfidh sé ar fáil an tráth a chuirfear na bearta sin chun feidhme.

Airteagal 73 5

5.   I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 comhlíonta, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú trí chinneadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh le héifeacht láithreach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas