+Airteagal 74 Fíneálacha
---+Airteagal 74 1
---+Airteagal 74 2
---+Airteagal 74 3
---+Airteagal 74 4
|
Airteagal 74 Fíneálacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 74 1
|
1. Féadfaidh an Coimisiún a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann fíneálacha nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, i gcás ina measann sé go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:
|
(a)
|
sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;
|
|
(b)
|
mhainnigh sé cinneadh ina n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh faoi Airteagal 70 a chomhlíonadh; nó
|
|
(c)
|
mhainnigh sé gealltanas a chomhlíonadh a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71.
|
|
|
Airteagal 74 2
|
2. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nach mó ná 1 % den ioncam iomlán bliantúil nó láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), i gcás ina measann sé go ndearna siad an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:
|
(a)
|
faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagra ar iarraidh shimplí nó iarraidh trí chinneadh de bhun Airteagal 67;
|
|
(b)
|
níor thug siad freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis trí chinneadh laistigh den tréimhse a socraíodh;
|
|
(c)
|
níor ceartaíodh an fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach arna soláthar ag ball foirne laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an gCoimisiún, nó mainníodh nó diúltaíodh faisnéis iomlán a sholáthar;
|
|
(d)
|
dhiúltaigh siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 69;
|
|
(e)
|
mhainnigh sé na bearta a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 72 a chomhlíonadh; nó
|
|
(f)
|
mhainnigh sé na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 79(4) a chomhlíonadh.
|
|
|
Airteagal 74 3
|
3. Cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó do dhuine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 74 4
|
4. Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe agus, maidir le fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|