+Airteagal 91 Athbhreithniú
---+Airteagal 91 1
---+Airteagal 91 2
---+Airteagal 91 3
---+Airteagal 91 4
---+Airteagal 91 5
---+Airteagal 91 6
---+Airteagal 91 7
|
Airteagal 91 Athbhreithniú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 91 1
|
1. Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.
Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de Chaibidil III den Rialachán seo;
|
|
(b)
|
an bealach ina idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).
|
|
|
Airteagal 91 2
|
2. Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.
Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:
|
(a)
|
cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);
|
|
(b)
|
rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;
|
|
(c)
|
cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;
|
|
(d)
|
raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;
|
|
(e)
|
éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;
|
|
(f)
|
an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.
|
|
|
Airteagal 91 3
|
3. I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
|
|
Airteagal 91 4
|
4. Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.
|
|
Airteagal 91 5
|
5. Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.
|
|
Airteagal 91 6
|
6. Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.
|
|
Airteagal 91 7
|
7. Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|