+Airteagal 5 Ábhar an chláir faisnéise
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.

Airteagal 5 Ábhar an chláir faisnéise

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Áireoidh eintitis airgeadais an fhaisnéis seo a leanas sa chlár faisnéise, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a) 

faisnéis ghinearálta faoin eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é ar leibhéal an eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, faoi seach, de réir mar a shonraítear i dteimpléad B_01.01 d’Iarscríbhinn I;

(b) 

faisnéis ghinearálta maidir leis na heintitis sa chomhdhlúthú mar a shonraítear i dteimpléad B_01.02 d’Iarscríbhinn I;

(c) 

brainsí na n-eintiteas airgeadais atá lonnaithe lasmuigh den tír bhaile a liostaítear i dteimpléad B_01.02 a shainaithint, i gcás inarb infheidhme, mar a shonraítear i dteimpléad B_01.03 d’Iarscríbhinn I;

(d) 

faisnéis ghinearálta maidir leis na socruithe conarthacha mar a shonraítear i dteimpléad B_02.01 d’Iarscríbhinn I;

(e) 

faisnéis shonrach maidir leis na socruithe conarthacha mar a shonraítear i dteimpléad B_02.02 d’Iarscríbhinn I;

(f) 

faisnéis faoi na naisc idir socruithe conarthacha inghrúpa agus socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nach cuid den ghrúpa iad trí úsáid a bhaint as na huimhreacha tagartha conarthacha, nuair is inghrúpa é cuid den slabhra soláthair seirbhísí TFC mar a shonraítear i dteimpléad B_02.03 d’Iarscríbhinn I;

(g) 

faisnéis faoi na heintitis a shíneoidh na socruithe conarthacha leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha maidir le seirbhísí TFC a fháil nó a shíneoidh iad thar ceann na n-eintiteas a úsáideann na seirbhísí TFC mar a shonraítear i dteimpléad B_03.01 d’Iarscríbhinn I;

(h) 

na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shíneoidh na socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC a sholáthar a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_03.02 d’Iarscríbhinn I;

(i) 

na heintitis a shíneoidh na socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis eile sa chomhdhlúthú a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_03.03 d’Iarscríbhinn I;

(j) 

faisnéis faoi na heintitis a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí mar a shonraítear i dteimpléad B_04.01 d’Iarscríbhinn I;

(k) 

faisnéis maidir leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha agus na fochonraitheoirí, mar a shonraítear i dteimpléad B_05.01 d’Iarscríbhinn I;

(l) 

faisnéis maidir leis an slabhra soláthair seirbhísí TFC, mar a shonraítear i dteimpléad B_05.02 d’Iarscríbhinn I;

(m) 

faisnéis maidir le feidhmeanna a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_06.01 d’Iarscríbhinn I;

(n) 

faisnéis faoin measúnú ar na seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le codanna ábhartha di mar a shonraítear i dteimpléad B_07.01 d’Iarscríbhinn I;

(o) 

faisnéis maidir leis an téarmaíocht a úsáideann eintitis airgeadais, agus na téarmaí a áirítear sna liostaí iata agus sna córais aicmithe a úsáidtear agus na teimpléid á líonadh isteach mar a shonraítear i dteimpléad B_99.01 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5 2.
I gcás inarb ábhartha chun críocha bainistithe riosca nó bainistithe conarthaí, féadfaidh eintitis airgeadais faisnéis bhreise a áireamh sa chlár faisnéise san fhormáid is iomchuí chun críocha na faisnéise breise sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha