|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Áireoidh eintitis airgeadais an fhaisnéis seo a leanas sa chlár faisnéise, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:
(a)
faisnéis ghinearálta faoin eintiteas airgeadais a choinníonn an clár faisnéise ar bun agus a thugann cothrom le dáta é ar leibhéal an eintitis, ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus ar an leibhéal comhdhlúite, faoi seach, de réir mar a shonraítear i dteimpléad B_01.01 d’Iarscríbhinn I;
(b)
faisnéis ghinearálta maidir leis na heintitis sa chomhdhlúthú mar a shonraítear i dteimpléad B_01.02 d’Iarscríbhinn I;
(c)
brainsí na n-eintiteas airgeadais atá lonnaithe lasmuigh den tír bhaile a liostaítear i dteimpléad B_01.02 a shainaithint, i gcás inarb infheidhme, mar a shonraítear i dteimpléad B_01.03 d’Iarscríbhinn I;
(d)
faisnéis ghinearálta maidir leis na socruithe conarthacha mar a shonraítear i dteimpléad B_02.01 d’Iarscríbhinn I;
(e)
faisnéis shonrach maidir leis na socruithe conarthacha mar a shonraítear i dteimpléad B_02.02 d’Iarscríbhinn I;
(f)
faisnéis faoi na naisc idir socruithe conarthacha inghrúpa agus socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nach cuid den ghrúpa iad trí úsáid a bhaint as na huimhreacha tagartha conarthacha, nuair is inghrúpa é cuid den slabhra soláthair seirbhísí TFC mar a shonraítear i dteimpléad B_02.03 d’Iarscríbhinn I;
(g)
faisnéis faoi na heintitis a shíneoidh na socruithe conarthacha leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha maidir le seirbhísí TFC a fháil nó a shíneoidh iad thar ceann na n-eintiteas a úsáideann na seirbhísí TFC mar a shonraítear i dteimpléad B_03.01 d’Iarscríbhinn I;
(h)
na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shíneoidh na socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC a sholáthar a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_03.02 d’Iarscríbhinn I;
(i)
na heintitis a shíneoidh na socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis eile sa chomhdhlúthú a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_03.03 d’Iarscríbhinn I;
(j)
faisnéis faoi na heintitis a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí mar a shonraítear i dteimpléad B_04.01 d’Iarscríbhinn I;
(k)
faisnéis maidir leis na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí díreacha agus na fochonraitheoirí, mar a shonraítear i dteimpléad B_05.01 d’Iarscríbhinn I;
(l)
faisnéis maidir leis an slabhra soláthair seirbhísí TFC, mar a shonraítear i dteimpléad B_05.02 d’Iarscríbhinn I;
(m)
faisnéis maidir le feidhmeanna a shainaithint mar a shonraítear i dteimpléad B_06.01 d’Iarscríbhinn I;
(n)
faisnéis faoin measúnú ar na seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach nó le codanna ábhartha di mar a shonraítear i dteimpléad B_07.01 d’Iarscríbhinn I;
(o)
faisnéis maidir leis an téarmaíocht a úsáideann eintitis airgeadais, agus na téarmaí a áirítear sna liostaí iata agus sna córais aicmithe a úsáidtear agus na teimpléid á líonadh isteach mar a shonraítear i dteimpléad B_99.01 d’Iarscríbhinn I. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|