+Airteagal 1 Raon feidhme

Airteagal 1 Raon feidhme

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d'institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) 

ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de ►C12  riosca ◄ creidmheasa, ►C12  riosca ◄ margaidh, ►C12  riosca ◄ oibriúcháin, ►C12  riosca ◄ socraíochta agus luamhánú atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

(b) 

ceanglais a chuireann teorainneacha le ►C12  neamhchosaint ◄ móra;

(c) 

ceanglais leachtachta a bhaineann le ►C12  riosca ◄ leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

(d) 

ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);

(e) 

ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE.

Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas