+TITLE I SUBJECT MATTER, SCOPE AND DEFINITIONS
---+Airteagal 1 Raon feidhme
---+Airteagal 2 Cumhachtaí maoirseachta
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
------+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 3 Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí
---+Airteagal 4 Sainmhínithe
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 5 Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa
---+Airteagal 5a Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní
|
TITLE I SUBJECT MATTER, SCOPE AND DEFINITIONS
TITLE I SUBJECT MATTER, SCOPE AND DEFINITIONS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Raon feidhme
|
Airteagal 1
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d'institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de
►C12
riosca ◄ creidmheasa,
►C12
riosca ◄ margaidh,
►C12
riosca ◄ oibriúcháin,
►C12
riosca ◄ socraíochta agus luamhánú atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
(b)
ceanglais a chuireann teorainneacha le
►C12
neamhchosaint ◄ móra;
(c)
ceanglais leachtachta a bhaineann le
►C12
riosca ◄ leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
(d)
ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);
(e)
ceanglais maidir le nochtadh poiblí.
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE.
Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.
|
|
Airteagal 2 Cumhachtaí maoirseachta
|
-
|
|
Airteagal 3 Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí
|
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar institiúidí cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 4 Sainmhínithe
|
-
|
|
Airteagal 5 Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa
|
Airteagal 5
Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa
Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “neamhchosaint”, sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
(2)
ciallaíonn “caillteanas” caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;
▼M17
(3)
ciallaíonn “caillteanas ionchasach” nó “CI”, cóimheas, a bhaineann le saoráid aonair, an mhéid a cheaptar a chaillfear ar neamhchosaint i ngeall ar aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
mainneachtain fhéideartha oibleagáideora i gcaitheamh tréimhse bliana leis an méid gan íoc tráth na mainneachtana;
(b)
teagmhas caolúcháin féideartha i gcaitheamh tréimhse bliana leis an méid gan íoc tráth an teagmhais caolúcháin;
▼M17
(4)
ciallaíonn “oibleagáid chreidmheasa” aon oibleagáid a eascraíonn as conradh creidmheasa, lena n-áirítear príomhshuim, ús fabhraithe agus táillí, atá dlite d’oibleagáideoir;
(5)
ciallaíonn “neamhchosaint creidmheasa” aon ítim laistigh den chlár comhardaithe nó aon ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil oibleagáid chreidmheasa mar thoradh uirthi nó a bhféadfadh oibleagáid chreidmheasa teacht aisti;
(6)
ciallaíonn “saoráid” nó “saoráid chreidmheasa” neamhchosaint creidmheasa a eascraíonn as conradh nó tacar conarthaí idir oibleagáideoir agus institiúid;
(7)
ciallaíonn “corrlach coimeádachais” forlíontán a ionchorpraítear i meastacháin ar pharaiméadar riosca chun cuntas a thabhairt ar an raon measta earráidí meastacháin a thagann ó easnaimh shainaitheanta i sonraí, modhanna, samhlacha agus athruithe ar chaighdeáin frithgheallta, fonn riosca, beartais bhailithe agus aisghabhála agus aon fhoinse eile éiginnteachta breise, agus ó earráid mheastacháin ghinearálta chomh maith leis sin;
(8)
ciallaíonn “coigeartú iomchuí” an tionchar ar mheastacháin riosca a eascraíonn as cur i bhfeidhm modheolaíochtaí laistigh den mheastachán ar pharaiméadair riosca chun na heasnaimh arna sainaithint sna sonraí agus sna modhanna meastacháin a cheartú, agus chun athruithe ar chaighdeáin frithgheallta, fonn riosca, beartais bhailithe agus aisghabhála agus aon fhoinse eile éiginnteachta breise a chur san áireamh a mhéid is féidir chun claontachtaí i meastacháin ar pharaiméadair riosca a sheachaint;
(9)
ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” cuideachta, fiontar nó gnóthas a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 000 000 aici nó aige, de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí uaidh;
(10)
ciallaíonn “gealltanas” aon socrú conarthach a thairgeann institiúid do chliant agus a nglacann an cliant sin leis, chun creidmheas a shíneadh, chun sócmhainní a cheannach nó chun ionadaithe creidmheasa a eisiúint; agus aon socrú mar sin a fhéadfaidh institiúid a chealú gan choinníoll tráth ar bith gan fógra a thabhairt don oibleagáideoir roimh ré nó aon socrú a fhéadfaidh institiúid a chealú i gcás ina dteipeann ar an oibleagáideoir na coinníollacha arna leagan amach i ndoiciméadacht na saoráide a chomhlíonadh, lena n-áirítear coinníollacha nach mór don oibleagáideoir a chomhlíonadh sula ndéantar aon tarraingt anuas tosaigh nó aon tarraingt anuas ina dhiaidh sin, mura rud é go gcomhlíonann na socruithe conarthacha na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
socruithe conarthacha nach bhfaigheann an institiúid aon táillí ná coimisiúin ina leith chun na socruithe conarthacha sin a bhunú nó a choinneáil ar bun;
(b)
socruithe conarthacha ina gceanglaítear ar an gcliant iarratas a dhéanamh ar an institiúid chun an íostarraingt tosaigh agus gach tarraingt anuas ina dhiaidh sin a dhéanamh faoi na socruithe conarthacha sin;
(c)
socruithe conarthacha ina bhfuil údarás iomlán ag an institiúid, gan beann ar na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméadacht an tsocraithe chonarthaigh a bheith á gcomhlíonadh ag an gcliant, ar chur i gcrích gach tarraingthe anuas;
(d)
leis na socruithe conarthacha, is féidir leis an institiúid measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an chliaint díreach roimh chinneadh a dhéanamh maidir le gach tarraingt anuas a fhorghníomhú agus tá nósanna imeachta inmheánacha curtha chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm ag an institiúid lena n-áirithítear go bhfuil an measúnú sin á dhéanamh sula ndéantar gach tarraingt anuas a fhorghníomhú;
(e)
socruithe conarthacha a thairgtear d’eintiteas corparáideach, lena n-áirítear FMB, a ndéantar dlúthfhaireachán air ar bhonn leanúnach;
(11)
ciallaíonn “gealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach” aon ghealltanas a gceadaítear don institiúid lena théarmaí an gealltanas sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi ghníomhartha dlíthiúla maidir le cosaint tomhaltóirí agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara, i gcás inarb infheidhme, tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré don oibleagáideoir, nó lena ndéantar foráil go héifeachtach maidir le cealú uathoibríoch de dheasca meath ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí.
|
|
Airteagal 5a Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní
|
Airteagal 5a
Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “cripteashócmhainn” cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
20
) nach airgeadra digiteach bainc ceannais í;
(2)
ciallaíonn “comhartha ríomh-airgid” nó “comhartha r-airgid” comhartha ríomh-airgid nó comhartha r-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114;
(3)
ciallaíonn “neamhchosaint cripteashócmhainní” sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le cripteashócmhainn as a dtagann riosca creidmheasa, riosca creidmheasa contrapháirtí, riosca margaidh, riosca oibriúcháin nó riosca leachtachta;
(4)
ciallaíonn “sócmhainn thraidisiúnta” aon sócmhainn seachas cripteashócmhainn, lena n-áirítear:
(a)
ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (50), den Rialachán seo;
(b)
cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366;
(c)
taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
21
), lena n-áirítear taiscí struchtúrtha;
(d)
suíomhanna urrúsúcháin i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;
(e)
táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin;
(f)
táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;
(g)
scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
22
) nó Threoir 2009/138/CE;
(h)
táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin;
(i)
Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
23
);
(j)
scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
24
) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
25
).
(5)
ciallaíonn “sócmhainn thraidisiúnta théacschomharthaithe” cineál cripteashócmhainne ar sócmhainn thraidisiúnta é, lena n-áirítear comhartha ríomh-airgid;
(6)
ciallaíonn “comhartha sócmhainn-tagartha” comhartha sócmhainn-tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6), de Rialachán (AE) 2023/1114;
(7)
ciallaíonn “seirbhís cripteashócmhainní” seirbhís cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 16, de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|