+Airteagal 8 Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Article 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
|
Airteagal 8 Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Chuid a Sé a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid agus maidir lena fochuideachtaí go léir san Aontas, nó maidir le cuid acu, agus féadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu mar fhoghrúpa leachtachta aonair, fad a chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh;
▼M8
(b)
déanfaidh an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fo-chomhdhlúite, maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna leachtachta gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa atá faoi réir na tarscaoilte, déanfaidh sí faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna cistiúcháin gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, agus áiritheoidh sí go mbeidh leibhéal leordhóthanach leachtachta ann agus, i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, go mbeidh leibhéal leordhóthanach cistiúcháin chobhsaí ann i gcomhair na n-institiúidí sin uile;
▼B
(c)
tá na hinstitiúidí tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht maoine eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;
(d)
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i (c).
Faoin 1 Eanáir 2014, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le constaicí dlí ar bith a bhféadfadh sé dá mbarr gur dodhéanta a bheadh sé pointe (c) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus iarrtar air togra reachtach a dhéanamh, más iomchuí, faoin 31 Nollaig 2015 maidir le cé acu de na na constaicí sin ba cheart a bhaint.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chuid a Sé maidir le hinstitiúid agus maidir lena bhfochuideachtaí uile, nó cuid díobh, a tharscaoileadh ina iomláine nó i bpáirt, i gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe sa Bhallstát céanna agus ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1.
|
|
Airteagal 8 3.
|
I gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe i roinnt Ballstát, ní chuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin tar éis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a leanúint, agus ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás institiúidí a n-aontaíonn a n-údaráis inniúla maidir leis na gnéithe seo a leanas:
(a)
a measúnú ar chomhlíonadh na heagraíochta agus ar láimhseáil an
►C9
riosca ◄ leachtachta leis na coinníollacha a cheanglaítear le hAirteagal 86 de Threoir (AE)201336 thar an bhfoghrúpa leachtachta aonair;
▼M8
(b)
dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR) mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus dáileadh méideanna agus suíomh an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;
(c)
cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid sócmhainní leachtacha atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas LCR a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;
▼B
(d)
an gá atá le paraiméadair níos déine ná iad sin atá leagtha amach i gCuid a Sé;
(e)
roinnt neamhshrianta faisnéise iomláine idir na húdaráis inniúla.
(f)
tuiscint iomlán ar impleachtaí tarscaoilte den sórt sin.
|
|
Article 8 4.
|
Competent authorities may also apply paragraphs 1, 2 and 3 to institutions which are members of the same institutional protection scheme as referred to in Article 113(7) provided that they meet all the conditions laid down therein, and to other institutions linked by a relationship referred to in Article 113(6) provided that they meet all the conditions laid down therein. Competent authorities shall in that case determine one of the institutions subject to the waiver to meet Part Six on the basis of the consolidated situation of all institutions of the single liquidity sub-group.
|
|
Airteagal 8 5.
|
I gcás ina bhfuil tarscaoileadh tugtha faoi mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, a chur i bhfeidhm freisin, ar leibhéal an fhoghrúpa leachtachta aonair agus féadfaidh siad cur i bhfeidhm Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, ar bhonn aonair, a tharscaoileadh.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Sa chás, i gcomhréir leis an Airteagal seo, go dtarscaoileann údarás inniúil, go páirteach nó go hiomlán, cur i bhfeidhm Chuid a Sé d'institiúid, féadfaidh sé cur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe leachtachta gaolmhar faoi phointe (d) d'Airteagal 430(1) a tharscaoileadh freisin don institiúid sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|