|
+Airteagal 33 3. |
Airteagal 33 3.Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;
(b)
is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;
(c)
tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;
(d)
is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|