+Airteagal 33 Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.

Airteagal 33 Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.

Ní áireoidh institiúidí na hítimí seo a leanas in aon eilimint de na cistí dílse:

(a) 

na cúlchistí luacha chóir a bhaineann le gnóthachain nó caillteanais ar fhálú sreabhadh airgid d'ionstraimí airgeadais nach bhfuil luacháilte ag luach cóir, lena n-áirítear sreabhadh airgid réamh-mheasta;

(b) 

gnóthachain nó caillteanais ar dhliteanais na hinstitiúide atá luacháilte ag luach cóir a eascraíonn ó athruithe ar acmhainneacht creidmheasa dílse na hinstitiúide.

▼M8

(c) 

gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthach de chuid na hinstitiúide as a dtagann athruithe ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa dhílis na hinstitiúide sin.

▼B

Airteagal 33 2.
Chun críocha phointe (c) de mhír 1, ní fhéadfaidh institiúidí gnóthachain ná caillteanais ar luach cóir a eascraíonn as ►C9  riosca ◄ creidmheasa na n-institiúidí féin a fhritháireamh ina gcoinne siúd a eascraíonn as ►C9  riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí.
Airteagal 33 3.

Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;

(b) 

is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;

(c) 

tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;

(d) 

is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil.

Airteagal 33 4.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar cad is brí le luach na mbannaí agus luach na sócmhainní, a luaitear i bpointe (c) de mhír 3, bheith ag teacht go dlúth le chéile.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 30 Meán Fómhair 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas