+Airteagal 41 Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.

Airteagal 41 Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1.

Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:

(a) 

méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b) 

méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil.

Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ►C9  ualach riosca ◄ leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 41 2.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na critéir a shonrú lena dtabharfaidh údarás inniúil cead d'institiúid méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe, arna shainiú i bpointe (b) de mhír 1, a laghdú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas