|
+Airteagal 42 Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint |
Airteagal 42 Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintAirteagal 42 Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint Chun críocha phointe (f) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir le hAirteagal 36, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
(a)
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
(ii)
go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
(b)
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
(c)
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil ►C9 riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
go bhfuil na suímh fhada agus na suímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
(ii)
go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|