+Airteagal 46 1.

Airteagal 46 1.

Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a) 

an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(i) 

Airteagail 32 go 35;

▼M17

(ii) 

na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

▼B

(iii) 

Airteagal 44 agus Airteagal 45

(b) 

an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a ►C2  roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2 na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais. ◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas