+Airteagal 46 Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
|
Airteagal 46 Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a)
an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
▼M17
(ii)
na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
▼B
(iii)
Airteagal 44 agus Airteagal 45
(b)
an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a
►C2
roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2 na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais. ◄
|
|
Airteagal 46 2.
|
Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
▼B
(a)
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
(b)
an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a léirítear le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá sealbhaithe.
|
|
Airteagal 46 4.
|
Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí
►C9
riosca ◄ is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 46 5.
|
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromais Leibhéal 1 atá ualaithe de réir
►C9
riosca ◄ de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a)
méid na sealúchas is gá a ualú de réir
►C9
riosca ◄ de bhun mhír 4;
(b)
an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|