|
+Airteagal 49 1. |
Airteagal 49 1.Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:
(a)
is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;
(b)
áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;
(c)
fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;
(d)
sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta ►C9 riosca ◄ agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;
(e)
is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:
(i)
an mháthairinstitiúid chreidmheasa;
(ii)
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;
(iii)
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
(iv)
an institiúid;
(v)
fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon; Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|