+Airteagal 49 Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Article 49 5.
---+Airteagal 49 6.

Airteagal 49 Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1.

Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:

(a) 

is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;

(b) 

áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;

(c) 

fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;

(d) 

sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta ►C9  riosca ◄ agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;

(e) 

is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:

(i) 

an mháthairinstitiúid chreidmheasa;

(ii) 

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(iii) 

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(iv) 

an institiúid;

(v) 

fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am.

Airteagal 49 2.
Ar mhaithe le cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair agus ar bhonn fo-chomhdhlúite, ní dhéanfaidh institiúidí atá faoi réir maoirseachta ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint, ar eintitis iad atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla go gceanglaítear na hasbhaitntí sin chun críocha sonracha, go háirithe chun gníomhaíochtaí baincéireachta a scaradh go struchtúrach, agus pleanáil réitigh.

Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheifear ag ríomh cistí dílse chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b, rud a ríomhfar i gcomhréir leis an gcreat asbhainte a leagtar amach in Airteagal 72e(4).

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na hasbhaintí a leagtar amach in Airteagal 72e(5).

Airteagal 49 3.

Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:

(a) 

áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);

(i) 

tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);

(ii) 

tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;

(iii) 

comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);

(iv) 

leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; ►M8  Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar amach sna ceanglais theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7); ◄

►M8  (v) 

comhlíonann na hinstitiúidí atá ar áireamh i scéim chosanta institiúideach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán fadaithe agus déanann siad comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430. ◄ Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.

(b) 

i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v).

Airteagal 49 4.
Na sealúchais sin nach ndéantar asbhaint ina leith i gcomhréir le mír 1, cáileoidh siad mar neamhchosaintí agus déanfar iad a ualú ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2.

Na sealúchais sin nach ndéantar asbhaint ina leith i gcomhréir le míreanna 2 nó 3, cáileoidh siad mar neamhchosaintí agus déanfar iad a ualú ó thaobh riosca ag 100 %.

Article 49 5.
Where an institution applies method 1, 2 or 3 of Annex I to Directive 2002/87/EC, the institution shall disclose the supplementary own funds requirement and capital adequacy ratio of the financial conglomerate as calculated in accordance with Article 6 of and Annex I to that Directive.
Airteagal 49 6.
Forbróidh an ÚBE, an UAPGE (an tÚdarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 ( 28 ), trí bhíthin an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú chun críocha an Airteagail seo na coinníollacha maidir leis na modhanna ríofa atá liostaithe in Iarscríbhinn I, Cuid II de Threoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm chun críocha na roghanna eile asbhainte dá dtagraítear i mír 1 den Rialachán seo.

Cuirfidh an ÚBE, an ÚAPGE agus an tÚdarás Eorpach Urrús na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas