|
+Airteagal 49 3. |
Airteagal 49 3.Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:
(a)
áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);
(i)
tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);
(ii)
tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;
(iii)
comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);
(iv)
leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; ►M8 Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar amach sna ceanglais theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7); ◄
►M8
(v)
comhlíonann na hinstitiúidí atá ar áireamh i scéim chosanta institiúideach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán fadaithe agus déanann siad comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430. ◄ Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.
(b)
i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|