+Section 2 Deductions from Additional Tier 1 items
---+Airteagal 56 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
---+Airteagal 57 Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint
---+Airteagal 58 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
---+Airteagal 59 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
---+Airteagal 60 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
------+Airteagal 60 1.
------+Airteagal 60 2.
------+Airteagal 60 3.
------+Airteagal 60 4.
------+Airteagal 60 5.
|
Section 2 Deductions from Additional Tier 1 items
Section 2 Deductions from Additional Tier 1 items
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
|
Airteagal 56
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
(a)
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
(b)
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
(c)
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 60, na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
(d)
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra;
▼C3
(e)
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide;
▼B
(f)
aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.
|
|
Airteagal 57 Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint
|
Airteagal 57
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
(a)
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
go bhfuil an
►C9
neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon
►C9
riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
(ii)
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b)
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an
►C9
neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
(c)
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil
►C9
riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
go bhfuil na suímh fhada agus ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
(ii)
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála;
|
|
Airteagal 58 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
|
Airteagal 58
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 53 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)
déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
(b)
déanfar ítimí chistí dílse d'árachas breise Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
|
|
Airteagal 59 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
|
Airteagal 59
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 56 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa
►C9
neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
▼M8
(i)
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
▼B
(ii)
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b)
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an
►C9
neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh;
|
|
Airteagal 60 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
|
-
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|