+Section 1 Tier 2 items and instruments
---+Airteagal 62 Ítimí Leibhéal 2
---+Airteagal 63 Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 64 Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh
------+Airteagal 64 1.
------+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 65 Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Section 1 Tier 2 items and instruments

Section 1 Tier 2 items and instruments

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 62 Ítimí Leibhéal 2

Airteagal 62

Ítimí Leibhéal 2

Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:

▼M8

(a) 

ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 64;

▼B

(b) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;

▼M17

(d) 

maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, an barrachas IRB, i gcás inarb infheidhme, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 159, go dtí 0,6  % de mhéideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3.

▼B

Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

Airteagal 63 Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Airteagal 63

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

▼M8

Cáileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha ina n-iomláine;

(b) 

ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:

▼B

(i) 

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii) 

gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;

▼M8

(c) 

ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;

(d) 

tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí rangaithe faoi bhun aon éilimh ó ionstraimí dliteanas incháilithe;

(e) 

níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíocht lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:

▼B

(i) 

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii) 

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii) 

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv) 

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v) 

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó a fochuideachtaí;

(vi) 

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);

▼M8

(f) 

níl na hionstraimí faoi réir aon socrú a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí;

(g) 

tá aibíocht bunaidh cúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí;

(h) 

sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, níl aon dreasacht do na hinstitiúidí chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, mar is infheidhme, roimh thráth a n-aibíochta;

(i) 

i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;

(j) 

ní fhéadfar na hionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78(4);

(k) 

ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;

(l) 

ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;

(m) 

ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;

(n) 

i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;

i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;

▼M8

(o) 

i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;

(p) 

níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.

Chun críocha phointe (a) den chéad mhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Leibhéal 2.

Airteagal 64 Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh -
Airteagal 65 Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Airteagal 65

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63:

(a) 

scoirfidh an ionstraim sin láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Leibhéal 2;

(b) 

scoirfidh an chuid de na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, láithreach bonn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas