|
+Airteagal 62 Ítimí Leibhéal 2 |
Airteagal 62 Ítimí Leibhéal 2Airteagal 62 Ítimí Leibhéal 2 Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
(a)
ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 64;
(b)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
(d)
maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, an barrachas IRB, i gcás inarb infheidhme, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 159, go dtí 0,6 % de mhéideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3. Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|