|
+Airteagal 69 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint |
Airteagal 69 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaintAirteagal 69 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
(ii)
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b)
déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na ►C9 neamhchosanta ◄ bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|