+Section 2 Deductions from Tier 2 items
---+Airteagal 66 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 67 Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint
---+Airteagal 68 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
---+Airteagal 69 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
---+Airteagal 70 Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha
------+Airteagal 70 1.
------+Airteagal 70 2.
------+Airteagal 70 3.
------+Airteagal 70 4.
------+Airteagal 70 5.

Section 2 Deductions from Tier 2 items

Section 2 Deductions from Tier 2 items

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 66 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

Airteagal 66

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

Asbhainfear na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:

(a) 

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b) 

sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil a gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(c) 

méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 70, sealúchas díreach, indíreach agus shintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;

(d) 

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá oibre;

▼M8

(e) 

méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72e a sháraíonn ítimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide.

▼B

Airteagal 67 Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint

Airteagal 67

Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 66, déanfaidh institiúidí sealúchais a ríomh ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a) 

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

go bhfuil an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus na suímh fhada ghearra agus nach bhfuil aon ►C9  riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii) 

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b) 

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c) 

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil ►C9  riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin.; ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

go bhfuil an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii) 

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála.

Airteagal 68 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Airteagal 68

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi pointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a) 

déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a ríomh ar bhonn na n-ollshuíomh fada;

(b) 

déanfar sealúchais d'ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 chun críocha asbhainte.

Airteagal 69 Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Airteagal 69

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

▼M8

(i) 

dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;

▼B

(ii) 

go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b) 

déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na ►C9  neamhchosanta ◄ bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin.

Airteagal 70 Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas