|
+Airteagal 70 1. |
Airteagal 70 1.Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a)
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(i)
Airteagail 32 go 35;
(ii)
Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
(iii)
Airteagal 44 agus Airteagal 45;
(b)
méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir nach bhfuil infheistíocht shuntasach iontu ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|