+Airteagal 70 Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
---+Airteagal 70 5.

Airteagal 70 Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 70 1.

Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

▼C2

(a) 

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i) 

Airteagail 32 go 35;

▼M17

(ii) 

Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

▼C2

(iii) 

Airteagal 44 agus Airteagal 45;

(b) 

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir nach bhfuil infheistíocht shuntasach iontu ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.

▼B

Airteagal 70 2.
Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
Airteagal 70 3.

Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí an méid a bheidh le hasbhaint as gach ionstraim Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a) 

méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b) 

cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim arna sealbhú.

Airteagal 70 4.
Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 66(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí ►C9  riosca ◄ is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 70 5.

Déanfaidh institiúidí méíd gach ionstraim Leibhéal 2 atá ualaithe de réir ►C9  riosca ◄ de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a) 

méid na sealúchas is gá a ualú de réir ►C9  riosca ◄ de bhun mhír 4;

(b) 

an cion a eascraíonn as an ríomh ata i bpointe (b) de mhír 3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas