|
+Airteagal 72b 4. |
Airteagal 72b 4.Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:
(a)
nach gceadaítear don institiúid dliteanais dá dtagraítear i mír 3 a áireamh i ndliteanais incháilithe;
(b)
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo;
(c)
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2), nó gur sinsearaí na dliteanais ná iad, cé is moite de na dliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;
(d)
ar chlár comhordaithe na hinstitiúide, nach mó ná 5 % de mhéid cistí dílse agus dliteanas incháilithe na hinstitiúide an méid dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) a rangaítear pari passu leis na dliteanais sin i ndócmhainneacht nó níos ísle ná iad;
(e)
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, ►C12 riosca ◄ ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|