+Airteagal 72b Ionstraimí dliteanas incháilithe
---+Airteagal 72b 1.
---+Airteagal 72b 2.
---+Airteagal 72b 3.
---+Airteagal 72b 4.
---+Airteagal 72b 5.
---+Airteagal 72b 6.
---+Airteagal 72b 7.
|
Airteagal 72b Ionstraimí dliteanas incháilithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72b 1.
|
Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a mhéid a shonraítear san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 72b 2.
|
Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a)
eisíonn institiúid go díreach nó faigheann institiúid na dliteanais, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;
(b)
ní le haon cheann díobh seo a leanas na dliteanais:
(i)
institiúid nó eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna;
(ii)
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht dhíreach nó indíreach ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireacht dhíreach, nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin;
(c)
ní dhéanann an t-eintiteas réitigh éadáil úinéireacht na ndliteanas a chistiú go díreach nó go hindíreach;
(d)
tá an t-éileamh ar phríomhshuim na ndliteanas faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2); measfar gur comhlíonadh an ceanglas fo-ordúcháin sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(i)
sonraíonn na forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
(ii)
sonraítear sa dlí is infheidhme go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
(iii)
is eintiteas réitigh nach bhfuil aon dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe nó níos sóisearaí ná iad ar a chlár comhordaithe a eisíonn na hionstraimí;
(e)
níl na dliteanais urraithe, ná faoi réir ráthaíochta ná aon socrú eile lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh, ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii)
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
(iii)
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii);
(f)
níl na dliteanais faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas i gcás réitigh;
(g)
ní áirítear sna forálacha lena rialaítear na dliteanais aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach roimh a n-aibíocht nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3);
(h)
níl féidir le sealbhóirí na n-ionstraimí na dliteanais a fhuascailt roimh thráth a n-aibíochta, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
(i)
faoi réir Airteagal 72c(3) agus (4), i gcás ina n-áirítear leis na dliteanais luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
(j)
ní fhéadfar na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 77 agus 78a;
(k)
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na dliteanais go ndéanfadh an t-eintiteas réitigh dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
(l)
ní thugann na forálacha lena rialaítear na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis réitigh;
(m)
ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na dliteanais, de réir mar is infheidhme, ar bhonn sheasamh creidmheasa an eintitis réitigh nó a mháthairghnóthas;
(n)
i gcás ionstraimí a eisítear tar éis 28 Meitheamh 2021, luafar go sainráite sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann leis an eisiúint, go bhféadfaí an chumhacht díluachála agus comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2014/59/AE.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach na codanna sin de na dliteanais atá íoctha go hiomlán i dteideal a gcáilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe. Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil roinnt de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, ar an ábhar, inter alia, go bhfuil siad á sealbhú ag creidiúnaí a bhfuil dlúthnaisc aige leis an bhféichiúnaí, go bhfuil, nó go raibh, an creidiúnaí ina scairshealbhóir, i ngaolmhaireacht rialaithe nó grúpa, gur comhalta den chomhlacht bainistíochta an creidiúnaí nó go bhfuil an creidiúnaí bainteach le haon duine de na daoine sin, ní dhéanfar an fo-ordú a mheas trí thagairt d'éilimh a éiríonn as dliteanais eisiata den sórt sin. Chun críocha Airteagal 92b, tuigfear tagairtí freisin don eintiteas réitigh i bpointí (c), (k), (l) agus (m) den chéad fhomhír den mhír seo mar thagairtí d’institiúid ar fochuideachta ábhartha í de G-SII neamh-AE é.
|
|
Airteagal 72b 3.
|
►M17
Sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanas suas go dtí méid comhiomlán nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), ar choinníoll an mhéid seo a leanas: ◄
(a)
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2;
(b)
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) cé is moite de dhliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; agus
(c)
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe,
►C12
riosca ◄ ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
|
|
Airteagal 72b 4.
|
Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:
(a)
nach gceadaítear don institiúid dliteanais dá dtagraítear i mír 3 a áireamh i ndliteanais incháilithe;
(b)
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo;
(c)
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2), nó gur sinsearaí na dliteanais ná iad, cé is moite de na dliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;
(d)
ar chlár comhordaithe na hinstitiúide, nach mó ná 5 % de mhéid cistí dílse agus dliteanas incháilithe na hinstitiúide an méid dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) a rangaítear pari passu leis na dliteanais sin i ndócmhainneacht nó níos ísle ná iad;
(e)
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe,
►C12
riosca ◄ ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
|
|
Airteagal 72b 5.
|
Ní fhéadfaidh údarás réitigh a cheadú d'institiúid ach na dliteanais sin dá dtagraítear i mír 3 nó 4, agus iad sin amháin, a áireamh mar ítimí dliteanas incháilithe.
|
|
Airteagal 72b 6.
|
Rachaidh an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil agus é ag déanamh scrúdú féachaint an bhfuil coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo comhlíonta.
|
|
Airteagal 72b 7.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh infheidhme na n-ionstraimí dliteanas incháilithe;
(b)
foirm agus cineál na ndreasachtaí atá le fuascailt chun críocha an choinníll a leagtar amach i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus chun críocha Airteagal 72c(3).
Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 28(5) agus i bpointe (a) d'Airteagal 52(2). Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|