|
+Airteagal 72e 1. |
Airteagal 72e 1.Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:
(a)
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse atá ag an institiúid, lena n-áirítear dliteanais dhílse a bhfeadfadh oibleagáid a bheith ar an institiúid iad a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
(b)
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII agus ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cumas ionsúcháin caillteanas agus cumas athchaipitlithe na hinstitiúide a mhéadú go saorga;
(c)
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 72i, sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
(d)
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá gnó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|