+Airteagal 72e Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
---+Airteagal 72e 1.
---+Airteagal 72e 2.
---+Airteagal 72e 3.
---+Airteagal 72e 4.
---+Airteagal 72e 5.

Airteagal 72e Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 72e 1.

Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:

(a) 

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse atá ag an institiúid, lena n-áirítear dliteanais dhílse a bhfeadfadh oibleagáid a bheith ar an institiúid iad a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b) 

sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII agus ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cumas ionsúcháin caillteanas agus cumas athchaipitlithe na hinstitiúide a mhéadú go saorga;

(c) 

méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 72i, sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

(d) 

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá gnó.

Airteagal 72e 2.
Chun críocha na Roinne seo, láimhseálfar na hionstraimí uile a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe mar ionstraimí dliteanas incháilithe, cé is moite d'ionstraimí a rangaítear pari passu le hionstraimí a aithnítear mar ionstraimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72b(3) agus (4).
Airteagal 72e 3.

Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh institiúidí méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a ríomh mar a leanas:

image

nuair:

h

=

méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3);

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear institiúid eisiúna in iúl;

Hi

=

méid sealúchas dhliteanais incháilithe na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3);

li

=

méid na sealúchas a áiríonn an institiúid eisiúna i in ítimí dliteanas incháilithe laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna; agus

Li

=

méid iomlán dhliteanais gan íoc na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna.

Airteagal 72e 4.

I gcás mháthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, ag a bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d’ionstraimí cistí dílse nó d’ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann le fochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna ina bhfuil an mháthairinstitiúid sin, féadfaidh údarás réitigh na máthairinstitiúide sin, tar éis dó barúil na n-údarás réitigh nó na n-údarás réitigh tríú tír ábhartha a mheas mar is cuí, cead a thabhairt don mháthairinstitiúid na sealúchais sin a asbhaint trí mhéid níos lú a asbhaint, méid arna shonrú ag údarás réitigh na máthairinstitiúide sin. Beidh an méid coigeartaithe sin cothrom, ar a laghad, leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:

mi = max{0; OPi + LPi – max{0; β · [Oi + Li – max{ri · aRWAi; wi · aLREi}]}}

nuair:

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl;

OPi

=

an méid ionstraimí cistí dílse arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

LPi

=

an méid ionstraimí dliteanas incháilithe arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

β

=

céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthaireintitis, arna ríomh mar seo a leanas:

image

;

Oi

=

méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

Li

=

méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

ri

=

an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ag leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (a), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;

aRWAi

=

méid iomlán na risíochta ar phriacal an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh, nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme;

wi

=

an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (b), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;

aLREi

=

tomhas iomlán risíocht an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme.

I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchais na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an méid coigeartaithe sin.

Airteagal 72e 5.

Déanfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 2014/59/AE a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ó ítimí dliteanas incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

tá na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe i seilbh institiúide nó eintitis nach eintiteas réitigh é féin ach ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b) 

ceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92b den Rialachán seo nó in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh;

(c) 

d’eisigh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 92b(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE nach eintiteas réitigh é féin na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá sa ghrúpa réitigh céanna leis an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe i gcás ina gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite agus ina n-áirítear an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcomhdhlúthú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.

Chun críocha na míre seo, tuigfear an tagairt d’ítimí dliteanas incháilithe mar thagairt do cheann ar bith de na nithe seo a leanas:

(a) 

ítimí dliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh chun an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92b a chomhlíonadh;

(b) 

dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.

Chun críocha na míre seo, tuigfear gurb ionann an tagairt d’ionstraimí cistí dílse agus d’ionstraimí dliteanas incháilithe agus tagairt do cheann ar bith díobh seo a leanas:

(a) 

ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 92b(2) agus (3);

(b) 

cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas