|
+Airteagal 72h Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint |
Airteagal 72h Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaintAirteagal 72h Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint Institiúidí nach bhfuil ag úsáid na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 72j, déanfaidh siad na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 72e(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí dliteanas incháilithe a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C12 neamhchosaint ◄ bhunúsach chéanna ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
(i)
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
(ii)
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b)
déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh trí dhearcadh ar an ►C12 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dliteanas incháilithe sna hinnéacsanna sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|